Is í Esperanto an teanga chumtha is forleithne ar domhan. D’fhorbair an teanga anonn sa 19ú haois, agus bhí sé ar intinn ag an tosaitheoir go mbeadh sé in úsáid mar theanga chúnta le haghaidh cumarsáide idirnáisiúnta.
Moladh Esperanto don chéad uair i 1887, le foilseachán leabhair Rúisise dár dteideal Международный языкъ: предисловие и полный учебник (Teanga Idirnáisiúnta: Buntreoir). Tugann cainteoirí Esperanto La Unua Libro (An Chéad Leabhar) air inniu.
Bhí réamhrá teoiriciúil don teanga agus sé théacs shamplacha, idir aistriúcháin is bunsaothair, sa leabhar sin, a raibh níos cosúla le leabhrán. Bhí na 16 riail bunúsacha do ghramadach na teanga le fáil sa leabhar chomh maith le foclóir beag ina raibh 917 iontráil ann.
Foilsíodh an leabhar faoin ainm cleite D-ro Esperanto, ar ‘Dochtúir Dóchasach’ an bhrí atá leis sa teanga idirnáisiúnta.
Ba ghairid gur tháinig céannacht an t-údar chun cinn; L.L. Zamenhof an t-ainm a bhí air, dochtúir óg ab ea é ón Pholainn. Rugadh i dteaghlach Giúdach é i bpáirt den Pholainn a raibh faoi smacht Impireacht na Rúise ag an am. Úsáideadh ainm cleite an údair chun trácht a dhéanamh ar an teanga níos faide anonn.
Foilsíodh an leabhar go gairid ina dhiaidh sin i bPolainnis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus as Béarla.
Braith mórán do na léitheoirí gur saothar suimiúil a bhí ann agus thosaigh siad ag foghlaim na teanga. Sa bhliain 1888, bhí cúpla céad duine ag déanamh staidéir ar an teanga i ngach cearn den Eoraip agus chomh fada leis na Stáit Aontaithe. I 1889, cuireadh Eolaire ar fáil leis na hainmneacha agus seoltaí baile do bhreis is míle Esperantóirí.
Bunaíodh clubanna agus cumainn Esperanto go luath. Faoi 1889, cuireadh tús le foilsiú an chéad tréimhseachán La Esperantisto. Foilsíodh níos mó ná 14,000 iris is irisleabhar faoi stair ghluaiseacht Esperanto ó shin, mar a thaifead Bibliografio de periodaĵoj en aŭ pri Esperanto (Leabharliosta na dTréimhseachán i nó faoi Esperanto) i 2019.
Is féidir na chéad iarrachtaí liteartha a aimsiú sa Chéad Leabhar, agus ba ghearr gur lean údair eile sampla Zamenhof. I dtosach báire, dhírigh gníomhaíocht liteartha ar aistriúchán saothair chlasaiceacha na litríochta domhanda go Esperanto.
Thug sé seo deis forbartha don teanga chun a héifeachtúlacht sa réimse seo a chruthú. Le himeacht ama, cuireadh leis an mbunlitríocht Esperanto agus tháinig roinnt scoileanna liteartha chun cinn, mar thoradh.
Tharla an chéad chruinniú idirnáisiúnta Esperanto sa bhliain 1904 i Calais sa Fhrainc, áit ar tháinig Esperantóirí Francacha agus Sasanacha le chéile ina ndosaenacha chun a fháil an raibh sé féideartha ócáid níos foirmiúla a eagrú. Bunaíodh an chéad chumann idirnáisiúnta, an Tutmonda Esperanto Ligo (Cumann Domhanda an Esperanto) an bhliain ina dhiaidh sin, an bhliain chéanna is ar tháinig an chéad Chomhdháil Dhomhanda le chéile i Boulogne-sur-Mer, sa Fhrainc.
D’éirigh thar cionn leis an gcruinniú sin. Chothaigh sé muinín i ndíograiseoirí an teanga arís maidir le hacmhainneacht na teanga a úsáid mar fhíormheán cumarsáide, seachas meán teoiriciúil amháin. Spreagadh athdhéanamh ar chruinnithe comhchosúla i ndiaidh sin.
Eagraíodh níos mó ná céad Comhdháil Dhomhanda Esperanto ó shin, seachas le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda, agus na cinn sna blianta 2020 agus 2021 a raibh ar líne de bharr na paindéime. Is traidisiún seanbhunaithe é grianghraf grúpa a ghlacadh do na rannpháirtithe uilig.
Tá a shiombailí féin ag an bpobal Esperanto ó cuireadh tús leis an teanga.
Moladh an réalta ghlas sa bhliain 1892, tríd an iris La Esperantisto, chun comhthuiscint Esperantóirí a aithint. Tugann cúig phointe na réalta léiriú dúinn ar na mór-roinnte (na cúig cinn dóibh, mar aon le smaointe geografacha an ama sin).
Ba leis an gcumann Esperanto Boulogne-Sur-Mer, an bhratach Esperanto ar dtús. Glacadh leis mar bhratach oifigiúil na teanga ag an gComhdháil Domhanda sa bhliain 1905. Seasann an uaine don dóchas agus an réalta uain sa chantún don tsíocháin.
Tá aintiún ag an ngluaiseacht Esperanto freisin, dar teideal La Espero (An Dóchas), a mbaineann úsáid as focail Zamenhof. Castar le breis is fiche fonn éagsúla, ach s’é an fonn is cáiliúla an ceann a chum Félicien de Ménil.
Bíonn suim mhór ag Esperantóirí teagmháil a dhéanamh le daoine ó thíortha eile agus caidreamh a chruthú leo. Go luath in úsáid na teanga, bunaíodh comhfhreagras gníomhach idir cairde pinn Esperanto tríd an post. D’éirigh sé i bhfad níos coitianta inniu, de bharr na meáin sóisialta agus an ríomhphost.
Eagraíodh an ghluaiseacht Esperanto go luath. Bunaíodh an Universala Esperanto-Asocio (UEA, Cumann Domhanda Esperanto) sa bhliain 1908. Bhí sé mar aidhm acu cainteoirí na teanga a thabhairt le chéile lasmuigh d’eagraíochtaí náisiúnta, chun go bheidís in ann oibriú le chéile agus úsáid phraiticiúil na teanga a chur chun cinn. Bhunaigh Hector Hodler agus Edmont Privat, beirt fhear óga ón Eilvéis, an UEA.
Tá an UEA fós mar phríomheagraíocht a bhfuil ag an ngluaiseacht Esperanto, cé go bhfuil athrú suntasach tagtha ar cuma agus gnó na heagraíochta.
Tamall ina dhiaidh sin, sna 1920idí, thuig gluaiseacht na n-oibrithe, a raibh ag dul ó neart go neart ag an am sin, go mbeadh seans ann go gcabhróidh an teanga leo an t-idirnáisiúnachas prólatáireacha a chur chun cinn, agus mar thoradh bhunaigh siad a gcuid eagraíochtaí Esperanto féin.
I gcomhthéacs na Comhdhála Domhanda i bPrág sa bhliain 1921, bhunaigh oibrí éagsúla eagraíocht nua agus mhol siad an teanga a úsáid mar uirlis don chúis. Tugadh Sennaciecia Asocio Tutmonda (SAT, Cumann Neamhnáisiúnta Domhanda) air. Chuir sé (agus cuireann sé) fáilte roimh go leor smaointe éagsúla i réimse leathan idé-eolaíochtaí an lucht oibre, cosúil le sóisialaithe, cumannaigh agus ainrialaithe i measc grúpaí eile. Le fada anuas, bhí ról mór ag an SAT i scaipeadh na teanga Esperanto tríd an lucht oibre; tá pearsantacht éagsúil aige ach déanann sé obair chultúrtha luachmhar.
Leanann an ghluaiseacht Esperanto inniu lorg na céadta ceannródaithe sin.
Bhí tréimhsí géarchéime le brath sa ghluaiseacht de bharr géarleanúint pholaitiúil, domhandú agus mórcheannas na Stát Aontaithe i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Tháinig laghdú ar an spéis a bhí ann in Esperanto mar thoradh agus mar gheall ar mhéadú suime a tháinig thart don Bhéarla mar an chéad lingua franca eile.
Le tamall beag anuas, tá borradh tar éis teacht ar suim na teanga, mar gheall ar na deiseanna cumarsáide a bhfuil bainte léi i ré na nuatheicneolaíochta seo. Méadaigh an méid cruinnithe agus teagmhálacha idirnáisiúnta go suntasach, agus ní chreidfeadh na hEsperantóirí luatha go sroicheadh comhoibriú dhaoine idirnáisiúnta na leibhéil seo go deo.
Ina theannta sin, tá sé tugtha faoi deara ag mórán daoine go dtugann úsáid teanga náisiúnta i gcaidreamh idirnáisiúnta buntáiste éagórach do chainteoirí dúchais na teanga sin, chomh maith le buntáistí eacnamaíocha, measa agus cumhachta dá dtíortha. Spreag na srianta a bhfuil ar an gcumarsáid fíordhaonlathach seo saol nua don teanga, arb í a neodracht go cruinn díreach an ghné is suntasaí atá aici.
Aistriúchán: Sarah Guckian, MA Translation Studies, University College Cork/ Coláiste na hOllscoile Corcaigh
