- Taispeántais
- Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Buaiteoirí 2012 - 2022
Jafar Panahi - 2012, an Iaráin
Déantóir scannán as an Iaráin a bhfuil duaiseanna buaite aige is ea Jafar Panahi a nochtann éagóir agus cos ar bholg. Molann sé saoirse an ealaíontóra agus cáineann sé pionós an bháis.
An saothar seo atá cruthaithe agam, tagann sé as dearcadh pearsanta ar an réaltacht agus ar an saol, chomh maith le bheith bunaithe ar nithe a tharla domsa i gcaitheamh mo shaoil agus mé ag maireachtáil i mo shochaí shainiúil féin.
Nasrin Sotoudeh - 2012, an Iaráin
Is dlíodóir agus gníomhaí um chearta an duine de chuid na hIaráine í Nasrin Sotoudeh, a chosnaíonn mionlaigh reiligiúnacha, mná, mionaoisigh agus agóideoirí ar chalaois toghcháin, ar phionós an bháis agus ar an gcéasadh atá ar siúl ag na húdaráis sa tír.
Malala Yousafzai - 2013, an Phacastáin
Ní raibh ach 11 bhliain slánaithe ag Malala Yousafzai nuair a chuir sí tús lena troid ar son chearta na gcailíní chun oideachais agus i gcoinne antoisceachas an Talaban sa Phacastáin, fiú agus gur féachadh le feallmharú a dhéanamh uirthi in 2012, lean sí uirthi lena cuid iarrachtaí.
Ní iPhone, Xbox, Playstation nó seacláidí atá ag teastáil ó na leanaí seo. Níl uathu ach leabhar agus peann.
Denis Mukwege - 2014, Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Chaith an dochtúir Denis Mukwege, ar as an gCongó dó, a dhúthracht le hathshlánú na mílte agus na mílte duine a éigníodh agus a ndearnadh ionsaí gnéis brúidiúil orthu agus cuidíonn sé le go leor daoine eile atá i mbaol a n-ionsaithe.
Caithfidh an córas ceartais a bheith freisin i gcroílár an phróisis síochána agus caithfear dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh daoine a bheith á saoradh ó choireanna tromchúiseacha, lena n-áirítear coireanna d’fhoréigean gnéis.
Raif Badawi - 2015, An Araib Shádach
Is blagálaí as an Araib Shádach é Raif Badawi a liúradh agus a cuireadh i bpríosún as smaointe polaitiúla liobrálacha agus cúrsaí creidimh a phlé ar líne.
Ní coirpeach é Raif. Is scríbhneoir é agus saorsmaointeoir, sin uile. Ní dhearna Raif Badawi de choir ach a bheith ina ghuth saor i dtír nach bhfuil ag glacadh le haon ní ach an t-aon tuairim amháin agus an t-aon smaoineamh aonair.
Ensaf Haidar
Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar - 2016, An Iaráic
Tháinig Nadia Murad Basee Taha agus Lamya Aji Bashar slán as sclábhaíocht ghnéis faoi láimh an Stáit Ioslamaigh (SI), agus tá siad anois ina n-urlabhraithe thar ceann na mban a d’fhulaing foréigean gnéasach agus seasann siad ar son phobal na nIasaídeach san Iaráic.
Sílim gur féidir liom labhairt thar ceann na n-íospartach. Tá an duais seo atá bronnta agaibh orm ag tabhairt an fhuinnimh dom le leanúint ar aghaidh. Sin é an fáth go ndearna mé an cinneadh a bheith mar ghuth dóibh siúd atá gan ghuth.
Lamiya Aji Bashar
Freasúra Daonlathach i Veiniséala - 2017, Veiniséala
In 2017, bronnadh an duais ar lucht an fhreasúra pholaitiúil a chuireann i gcoinne Rialtas Veiniséala, lena n-áirítear an Tionól Náisiúnta agus gach príosúnach polaitíochta, as a gcrógacht leanúnach agus iad sa tóir ar rath agus ar shaoirse dá dtír.
Tugann an duais seo an fuinneamh dúinn le leanúint ar aghaidh ag gníomhú ar mhaithe lenár luachanna agus ar mhaithe le prionsabail an daonlathais.
Oleg Sentsov – 2018, an Úcráin
Déantóir scannán as an Úcráin a cuireadh chun an phríosúin sa Rúis, is foinse inspreagtha é Oleg Sentsov dóibh siúd atá curtha faoi chois agus is siombail é den streachailt ar son shaoradh na bpríosúnach polaitíochta atá faoi choinneáil sa Rúis agus in áiteanna eile ar fud an domhain.
Is mór an onóir agus an fhreagracht é an duais seo a fháil. Glacaim leis an duais seo, ní mar onóir phearsanta, ach mar dhuais do na príosúnaigh pholaitiúla Úcránacha uile a bhí riamh i bpríosúin Rúiseacha agus dóibh siúd go léir atá fós i mbraighdeanas iontu.
Ilham Tohti – 2019, An tSín
Is ollamh le heacnamaíocht é Ilham Tohti a sheasann ar son chearta na nUigiúrach, mionlach eitneach de chuid na Síne, ina bhfuil breis agus milliún díobh á gcoinneáil i gcampaí géibhinn.
Dar libhse, an bhfuil rud éigin cearr leis an gcaoi a bhfuil rialtas na Síne ag caitheamh leis na hUigiúraigh? Má cheapann sibh go bhfuil, téigí ag obair ar réiteach le bhur dtoil.
Jewher Ilham
An freasúra daonlathach sa Bhealarúis- 2020, Bhealarúis
Faoi stiúir mná cróga, na sochaí sibhialta agus pearsana polaitiúla eile, tá an Comhairle Comhordúcháin tar éis muintir na Bealarúise atá ag troid ar son an daonlathais sa deachtóireacht dheireanach san Eoraip a aontú.
Mura mbeidh an Bhealarúis saor, ní bheidh an Eoraip go hiomlán saor ach oiread (...) Níl uaim ach aon mhian amháin don bhliain seo. Is mian liom go mbeidh gach Bealarúiseach atá i bpríosún inniu nó atá díbeartha as an tír in ann filleadh ar a mbaile.
Sviatlana Tsikhanouskaya
Alexei Navalny - 2021, an Rúis
Is polaiteoir den fhreasúra sa Rúis é Alexei Navalny, agus tá sé gníomhach in aghaidh na caimiléireachta. Tá seasamh láidir tógtha in aghaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, aige.
Níl ionamsa ach duine den oiread sin daoine atá ag troid in aghaidh na caimiléireachta. Ní hé amháin go gcreidim gurb í an chneámhaireacht is cúis leis an mbochtaineacht agus le táirchéimiú na stát, ach is bagairt mhór ar chearta an duine atá inti chomh maith. Tiomnaím an duais seo do gach uile dhuine ar fud an domhain atá ag troid in aghaidh na caimiléireachta.
Alexei Navalny
Muintir na hÚcráine - 2022, an Úcráin
Bhronn FPEanna ar dhaoine cróga na hÚcráine, arna n-ionadú ag a n-Uachtarán, a gceannairí tofa agus an sochaí sibhialta, Duais Sakharov ar son Saoirse Smaointeoireachta.
Tá an duais seo do na hÚcránaigh sin atá i mbun troda. Dóibh siúd a bhí orthu teitheadh. Dóibh siúd a chaill gaolta agus cairde. Dóibh siúd go léir a sheasann agus a throideann ar son an méid a chreideann siad ann. Tá a fhios agam nach dtabharfaidh daoine cróga na hÚcráine suas agus nach dtabhfaimid ach oiread.
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola