An Eoraip ag Féachaint Siar:
Cuimhneachán ar an Uileloscadh i bParlaimint na hEorpa
Cuimhneachán ar an Uileloscadh i bParlaimint na hEorpa
Le hos cionn 70 bliain, tugann an tAontas Eorpach cosaint institiúideach agus chultúrtha d’Eoraip a bunaíodh ar an tsíocháin agus ar chosaint dá cuid saoránach.
D’eascair an tAontas sin as Eoraip a bhí an-difriúil ó Aontas an lae inniu, áfach. In 2025, déanaimid comóradh ar 80 bliain ó saoradh Auschwitz-Birkenau, an campa géibhinn Naitsíoch ba mhó. San Uileloscadh (1933-1945) rinne réimeas na Gearmáine Naitsíche agus a chomhghuaillithe agus comhoibrithe géarleanúint agus dúnmharú ar thart ar 6 mhilliún Giúdach san Eoraip, chomh maith leis na milliúin daoine ó ghrúpaí eile ar mheas na Naitsithe gur ‘fhadhb’ shóisialta nó chiníoch iad. Ina measc, bhí Sintígh agus Romaigh, lucht freasúra polaitiúil agus ceardchumannaithe, daoine Slavacha, daoine gorma, daoine den phobal LADT+, daoine faoi mhíchumas, iad siúd ar tháinig a gcreideamh reiligiúnach salach ar idé-eolaíocht na Naitsithe, amhail Finnéithe Iehova, agus ‘daoine neamhshóisialta’ eile.
Is stair í a mhúnlaigh an chaoi a bhfeiceann an Eoraip í féin, a polaiteoirí agus saoránaigh araon. Thar na blianta, d’oibrigh Parlaimint na hEorpa chun a chinntiú go gcuimhneoimid ar an stair sin — agus nach ligfimid dá leithéid tarlú arís.
Sa taispeántas seo, breathnaímid ar an gcaoi a dtéann an Pharlaimint i ngleic leis an stair sin, trí ghníomhaíochtaí polaitiúla agus trí chomóradh, ag roinnt scéalta na marthanóirí agus a dteaghlach a tháinig chun na Parlaiminte chun a dteachtaireachtaí a roinnt leis na Feisirí agus saoránaigh ionas nach bhféadfaimis dearmad a dhéanamh riamh ar an méid a tharla.