An 9 Bealtaine 1950, i gcomhthéacs idirnáisiúnta an Chogaidh Fhuair, chuir an dearbhú a rinne Robert Schuman tús le tógáil an Chomhphobail Eorpaigh. Bhí sé mar aidhm ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince eagraíocht fhornáisiúnta nua a bhunú chun cómhargadh guail agus cruach a chruthú idir an Fhrainc agus an Ghearmáin, ar margadh é a bheadh ar oscailt do thíortha eile san Eoraip. Is as sin a d’fhás an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC). Ó 1985 i leith, déantar Lá na hEorpa a cheiliúradh gach bliain, an 9 Bealtaine.